Homepage
News
Calendar
Pupil Zone
Students Council
Parents Association
About Us
School Policy
Mission Statement

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bhí Scoil Treasa ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge i rith na seachtaine seo. Tá súil againn gur bhain na páistí taitneamh as na heachtraí a bhí ar siúl. Cúpla de na heachtraí a bhí ar siúl ná cluichí as Gaeilge, Biongó, céilí, ealaín, spóirt agus an-chuid níos mó. 

Inniú, bhí Seó Faisean agus ceolchoirm bheag againn sa halla. Le haghaidh an Seó Faisean, bhí páistí gléasta suas i ngach saghas de héadaí. Bhí daoine ait, daoine as a meabhair, chomh maith le sumo wrestler agus ainmhithe ann!

Rinne grúpa de páistí cur síos ar na héadaí a bhí á caitheamh acu as Gaeilge- bhí a léitheoireacht agus a gcuid Gaeilge as fheabhas! 

Don ceolchoirm, chan na páistí cúpla amhrán as Gaeilge. Chanamar Peigín Litir Mór (d'ardaíomar an tsíleál leis sin), agus críochnaíomar le hAmhrán na bhFiann. I measc na hamhráin, bhí cúpla damhsa. An méid scoláire a bhfuil in ann rince Gaelach a dhéanamh! Bhí said go léir thar cionn!

An rud deireanach a bhí ar siúl inniú ná céilí MÓR sa chlós. Bhí níos mó ná ceithre chéad páiste ag damhsa Ballaí Luimní le chéile, ag an am céanna! Bhí na páistí go léir go hiontach. Go bhFóire Dia orainn, bhí an aimsir go maith freisin.

Go raibh maith agat do gach duine as ocht an méid oibre a rinne sibh chun an seó a chur ar siúl inniú. Rinneadh sár-iarracht i Scoil Treasa ár dteanga agus ár gcultúr a choimead beó. `

Mar a deirtear sa tseanfhocail- "Beatha teanga a labhairt ".

©